Gáirdín Gaelscoil Aonach Urmhumhan

Meitheal Garraíodóireachta

Ag tús an Earraigh, 2009, cuireadh tús le gáirdín na scoile. Le meitheal oibre iontach ar Shathairn breá geal, d’oibrigh tuismitheoirí agus daltaí go dian chun é a bhaint amach. Le claí saileach déanta ag Gerardine leis na páistí i rith na seachtaine roimhé, cuireadh tús leis an Leaba Gréine le tochailt agus tógáil. Sar i bhfad, bhí an leaba réidh, agus an-obair ar siúl chun Leaba Sonny a shocrú. Trasna an chlóis bhí crainn á gcur ag dream eile, agus atmasféar iontach ar fud na háite! Isteach leis an gcré, an móin, agus na plandaí is luibheanna ansin, agus bhí an gáirdin réidh! Le spraoi agus sport ag na páistí, agus na tuismitheoirí tuirseach traochta ach sásta agus bródúil as a gcuid oibre, d’fhagamar slán lena chéile tar eis lá iontach eile ag muintir na Gaelscoile!

An tseachtain ina dhiaidh sin, bhí oscailt oifigiúl an gháirdín. I rith an lá scoile, tháinig roinnt de na tuismitheoirí, agus rinne an tAthair Antóin beannú ar an gháirdín féin agus ar an obair a bheadh déanta ann go deo. Chanadh iomainn, agus léigh na páistí paidreacha. Chuir Coleen Nic Chnáimín agus Coleen Ní Bhriain prátaí ‘Coleen’ mar shiombal de na glasraí, torthaí agus plandaí a bheadh á gcur. Chríochnaíomar le hamhrán na Gaelscoile.

Don chuid eile na bliana, bhí obair garraíodóireachta faoi lán tseoil! Bhain na páistí taitneamh agus sásamh as na sútha talúin, na prátaí, leitís, oiniúin is na luibheanna a bhlaiseadh – obair a lámha féin!

 

Next >>

 

 

 

© 2014 Gaelscoil Aonach Urmhumhan