Nuacht Litir 1 - Mean Fómhair 2009

Nuacht Litir 2 - Deireadh Fomhair 2009

Nuacht Litir 3 - Samhain 2009

Nuacht Litir 4 - Nollaig 2009

Nuacht an Chéad Téarma 2009

Nuacht Litir 5 - Eanair 2010

Nuacht Litir 6 - Feabhra 2010

Nuacht Litir 7 - Márta 2010

Nuacht an Dara Téarma 2010

Nuacht ó Sheachtain na Gaeilge

Nuacht Litir 8 - Aibreán 2010

Nuacht an Téarma,

Meán Fomhair – Nollaig 2009

Naíonáin Bheaga


Dráma na Nollag.
Rinne Naíonáin Bheaga leiriú álainn ar scéal na Nollag. Bhí an aisteoireacht ar fheabhas agus chan gach duine amach os ard. Bhí an halla lán go béal agus bhí atmasféar iontach ann.

Fear an Phoist
Tháinig Fear an Phoist isteach chugainn ag insint duinn go raibh sé ag caint le Daidí na Nollag agus táimíd ag tnúth go mór le cuairt Daidí na Nollag.

Aifreann na Nollag
Is bréa linn carúil na Nollag agus chanamar do thuismitheoirí agus don phobal ag Aifreann na Nollag i Séipéal Naomh Mhuire maidin dé hAoine.


Naíonáin Mhóra.


Léirigh Naíonáin Mhóra an dráma Cinnín Óir agus na Trí Bhéar. Dúirt gach uile duine na línte amach go soiléir agus bhí na trí bhéar crósta nuair a tháinig siad abhaile. Bhí deireadh difriúil ann le Daidí na Nollag agus a Chlatharacháin leis!

Siúlóid.
I Mí na Samhna chuaigh Naíonáin Mhóra ar siúlóid ag féachaint ar chomharthaí an fhómhair, na duilleoga ildaite agus na crainn loma.

Seachtain Eolaíochta.
Bhain Naíonáin an-taitneamh as an seachtain eolaíochta ag déanamh turgnaimh agus ag cócaireacht.

Rang 1


Roicéid.
Rinne rang 1 roicéid chun cuairt Neil Armstorng, Bull Aldwin agus Michael Collins ar an ngealach 40 bliain ó shin (1969) a chéiliúradh. Tá siad ildaite agus ar chrochadh timpeall an tseomra ranga.

Cácaí Prátaí
Bhailíomar prátaí ón ngairdín nuair a bhí siad réidh. Bhí an-lá againn le Peigí ag déanamh cácaí prátaí sa chistin. Bhí siad an-bhlasta!

Saol sa Ghaeltacht.
Rinne Rang a 1 agallamh le Peigí. D’fhoghlaimíomar mar gheall ar shaol sa Ghaeltacht fadó agus conas a thit Peigí i ngrá le Michael i dTiobraid Árann.


Harmóin.
Rinneamar harmóin le “Turn on the Sun” agus táimíd bródúil as.

Rang 2


Seachtain Eolaíochta;
Rinneamar staidéar ar aer. Leis na trialacha fuaireamar amach go dtógann sé suas spás. Chomh maith le sin, fuaireamar amach cé chomh láidir is atá aer. Bhí an- spraoi againn.

Saol an Gharda;
Tháinig Daidí Daragh Ó Tincléir ar chuairt go dtí Rang 2. Thaispeáin sé a éadaí dúinn agus bhí cead againn a shaicéad a chur orainn. Chomh maith le sin, thaispeáin sé na lúibíní cufa, an gunna luas agus a bhata dúinn. Chonaiceamar an príosún atá ar chúl veain an gharda. Ní raibh sé pioc deas. Bhaineamar go léir taitneamh as an gcuairt! Go raibh maith agat a, Sheáin.

Cócaireacht:
San fhómhair bhaineamar ár bprátaí a chuireamar san Earrach. Rinneamar cácaí prátaí. Bhí siad an-bhlasta. Inné rinneamar milseáin seacláide agus chuireamar iad i gciseáin a pheinteálamar sa rang ealaíne. Thugamar iad d’ár dtuismitheoirí chun buíochas a ghabháil leo as ucht gach rud a dhéanann siad dúinn.

Rang 3


Cuairt ar Oifig an Phoist agus Cinnamon Alley
Chuaigh rang a trí ar thuras go dtí Oifig an Phoist. Sheol siad litreacha chuig Daidí na Nollag. Fuair siad a lán eolais ó Pat faoi conas a oibríonn cursaí san Oifig gach lá. Ansin chuaigh siad go dtí Cinnamon Alley. Fuair siad seacláid te agus cáca milis. Bhí siad an-bhlasta. Bhí lá iontach acu.

Cuairt go dtí Naomh Chonláin.
Chuaigh rang a trí ar chuairt chuig teach altranais Naomh Chonláin. Chan siad carúil na Nollag ann agus sheinn siad ceol ann. Bhí siad ag caint leis na daoine ann agus bhain siad an-taitneamh as.

Tionscnamh ar an Éigipt.
Bhí na páistí an-ghnóthach le déanaí i rang a trí ag obair ar thionscnamh ar an Éigipt. Anois tá a lán eolais acu faoi rudaí speisialta a bhaineann le hÉigipt.

Léitheoireacht le Naoínáin Mhóra.
Déanann rang a trí léitheoireacht gach Céadaoin le Naíonáin Mhóra. Baineann na páistí go léir an sult as. an léitheoireacht seo.


Lá an Dreoilín.
Tháinig Múintoir Máirín isteach agus d’inis sí duínn mar gheall ar lá an Dreoilín sa Daingean.

Nuacht ó Rang 4


20 bliain ar an bhfód.
I rith Mí Meán Fomhair bhí rang a 5 ag ullmhú le haghaidh fiche bliain ar an bhfód. Bhí siad ag cleachtadh rince ar feadh cúpla seachtaine chun leiriú ar an lá. Rinne siad a lán ealaíne ar an ábhar seo freisin.

Thriller
Rinneamar an damhsa ‘Thriller’ le haghaidh an tionóla Oíche Shamhna.

Cócaireacht
Bhíomar ag cócaireacht agus Rinnemar ‘Potato Wedges’ a bhí pioctha ón ngáirdín.

Christmas Child.
Bhí boscaí áille cúrtha le chéile againn chun dul chuig páistí bochta roimh an Nollag.

Díospóireachtaí
Scíobh rang 4 díospóireachtaí chun iad a léiriú os comhair na ranganna eile ag Tionól. An ráiteas a bhí againn ná “Beidh páistí níos fearr as ag fás suas i dteach gan teilifís” Bhí páistí aírithe ar son an ráiteis agus cuid eile ina coinne. Cé a bhuaigh?

Rang 5


Gáirdín na Scoile
I rith na bliana, tháinig gach duine le chéile chun gáirdín na scoile a chruthú. Bhí a lán daoine ann. Chuireamar plandaí agus bhíomar ag tochailt. Bhí a lán oibre i gceist ann agus bhí gach duine ag glacadh páirt.
Anois tá an gáirdín go hálainn agus súgraíonn na páistí ann gach lá ag am sosa agus am lóin. Tá plandaí, bláthanna, crainn agus gathanna sa gháirdín agus tá prátaí ann freisin. Chuaigh rang 5 amach go dtí an gáirdín le Peigí chun na prátaí a bhaint. Nuair a bhí na prátaí go léir sa bhuicéad, thugamar isteach iad. Ghearramar iad agus chuireamar le chéile iad i gciorcal. Ansin, chuireamar trátaí orthu chun pizza prátaí a dhéanamh, Bhí said an-bhlasta agus bhain gach duine taitneamh astu!
Le Clíodhna agus Dominic

Spórt na Bliana 2009.
In san bhliain 2009, tháinig James Scott agus Pat Fitz go dtí an scoil. Thaispéain James duínn conas sacar a imirt. Is traenálaí an-mhaith é agus tá sé ag obair leis an F.A.I. agus Tiobraid Arainn Thuaidh.
Tá Pat Fitz (Paddy) an-mhaith ag rugbaí. Múineann sé do gach rang sa scoil conas ‘tag rugby’ a imirt. Táimíd an-tógtha leis!! Le Aisling agus Noah.


An Jack and Jill Foundation.
Bhailigh an scoil 500 fón póca in iomlán. Fuaireamar Clár Bán nua do rang a 2 agus anois tá 6 chlár bán againn sa scoil. Níl ach dhá cheann eile ag teastáil. Tá ná cláracha bána go hiontach. Tá a lán cluichí agus rudaí le foghlaim orthu. Táimíd an-sásta lenár gcláracha bána.
Le Gerard agus Saoirse Nic Aoidh

Aonach na Nollag
Bhí Aonadh na Nollag ar súil sa halla ar an 11ú de Mhí na Nollag. Bhí caifé breá ann. Bhí cluichí , bia agus bréagáin ar dhíol ann agus bhí crannchur freisin. I mbliana bhí Aonach na Nollag thar barr. Fuaireamar na céadtha Euro don scoil agus do na carthanachtaí go léir. Bhí an-spraoi againn ar an lá sin.
Le Dara agus Saoirse Ni Ghrifín.


Rang 6
Ag fúail
Thugamar seal ag fúail agus chaith roinnt againn na h-éadaí mar fheisteas Oíche Shamhna ag tionól na Samhna.

An tEaspag Liam Breathnach.
Bhí sé de phríbhléid againn bualadh leis an Easpag Liam Breathnach i Mí na Samhna. Chaith sé breis is leath uair an chloig inár dteannta ag freagairt ár gcuid ceisteanna agus bhaineamar an-taitneamh agus tairbhe as an gcuairt.

Tráth na gCeist Chumann Luthchleas Gael.
Bhí seachtain an-ghnóthach ag Sarah, Tadhg agus Kara ag fail réidh do thráth na gceist Chumann Lúthchleas Gael le Dominic agus Adam ó rang a cúig ar an bhfoireann leo. D’éirigh go h-iontach leo, Táimíd an-bhródúil astu.

Bliots rugbaí
Ghlacamar páirt i mbliots rugbaí eagraithe ag Paddy ar an Luan an 14ú La Nollag. Bhí dhá fhoireann againn agus bhíomar rathúil i gcuid de na cluichí agus mí-ámharach i roinnt eile. Bhí an-chraic go deo againn más ea.


Beannachtaí na Athbhliana:

Anois leis an mbliain nua, guímid gach rath oraibh do 2010! Le cúnamh Dé tiocfaidh feabhas ar an aimsir, agus ní mhothóimíd go dtí go mbeidh an tEarrach linn!



 

 

 

 

© 2010 Gaelscoil Aonach Urmhumhan