Nuacht Litir 1 - Mean Fómhair 2009

Nuacht Litir 2 - Deireadh Fomhair 2009

Nuacht Litir 3 - Samhain 2009

Nuacht Litir 4 - Nollaig 2009

Nuacht an Chéad Téarma 2009

Nuacht Litir 5 - Eanair 2010

Nuacht Litir 6 - Feabhra 2010

Nuacht Litir 7 - Márta 2010

Nuacht an Dara Téarma 2010

Nuacht ó Sheachtain na Gaeilge

Nuacht Litir 8 - Aibreán 2010

Nuacht Teárma 2

Naíonáin Shóisireacha
Is breá linn bheith ag maisiú éadaí i Naíonáin Shóisireacha. Bhíomar ar cur patrúin ar gheansaithe agus ar scairfeanna agus rinneamar Líne Eadaí freisin. Féachaigí orthu ag crochadh sa phasáiste.

Tá an Léitheoireacht ag dul ar aghaidh go
h-iontach againn. Thosaíomar ag léamh inár n-aonar agus táimid ag tnúth go mór le “World Book Day” agus seisiún leitheoireachta sa leabharlann. Ar an
Aoine 5ú beidh Naí Bheaga gléasta mar charachtair ó na leabhair ag thaitníonn leo.
Is breá linn cuairt ón Athair Antóin agus bhí sé gnóthach an mhí seo caite ag tabhairt beannú don ár scornaigh agus ag cur crois ar ar n-
eadáin ar Chéadaoin an Luaithrigh.
Slán go fóill ó Naíonáin Shóisireacha!!

Naíonáin Mhóra
Rinne na páistí pancóga deasa agus chas siad iad thuas san aer. Chuir siad siúcra agus liomóid orthu.

Bhíomar ag céiliúradh an athbhliain sa tSín. D’itheamar píseanna sa bhialann agus d’ólamar tae. Rinneamar laindéir agus draigín do Bhliain an Tíogair.

Tá na páistí ag léamh le chéile. Reading
together agus is aoibhinn leo é.
D’fhoghlaim siad faoi na planéid agus an
pleasadh mór(The Big Bang), d’fhoghlaim siad mar
gheall ar cad a tharla tar éis an pleascadh mór. Ní raibh aon rúd ar feadh na faide. Thosaigh na h-ainmhithe san fharraige agus ansin tháinig siad amach ar an dtalamh. Bhíomar ag caint faoi na Dinosáir agus na céad fir.

Tá na páistí ag cleachtadh a lán rabhbóga as Gaeilge agus as Béarla faoi láthair.
Slán go fóill ó Naíonáin Mhóra!

Rang 1
Má thagann tú isteach chuig Seomra Rang 1 cloisfidh tú grúpa ag cleachtadh don rince ar Lá’le Pádraigh. Bígí ann agus tógaigí libh an ceamara!!
Ón Nollaig ar aghaidh chuireamar an-bhéim ar an bhfeadóg stáin. Tá 3 tiún nua againn anois. Táimid ag cleachtadh don chomórtas Slua-amhránaíochta freishin. Ceol Abú san G.A.U.!!!!!!

Chuireamar isteach san chomórtas peannaireachta INTO/CBS. Chomhghairdeachas le Pádraig, Elaine agus Emily atá ag dul ar aghaidh.
Táimíd ag bailiú eolais mar ghealla ar thithe agus cathain ar thógadh iad. Elaine agus Níosa claim Grandad and Granny Treacy’s house to be the oldest at 1778. An féidir le héinne eile é sin a sharú??

D’Fhoghlaim Peigí an Bhéarla agus í ag dul ar scoil cosúil linne ag foghlaim an Ghaeilge!! Rinneamar tionscnamh ar ár gcara Pheigí – conas a bhog sí, agus conas a thit sí i ngrá anseo i dTiobraid Árann. Tá 25 portraits de Pheigí sa halla agus an-chuid eolas san siultáin déanta ag Rang 1. “Is ó ráimíd gráimíd thú Gráimíd thú a stór. Míle buíochas a Pheigí dhil ‘Sí Peigí Thiobraid Árann!!”
Chuireamar scéalta ar an suíomh gréasáin – ar léigh tú mar gheall ar na daoine a thit san sneachta?? Nó an bhó leis an dó-dó?? Bainigí taitneamh astu!!
Slán go fóill ó Rang 1!

Rang 2
Bhí téarma an-ghnóthach againn i rang 2! An príomh-nuacht a bhí againn ná go ndearnamar ár gCéad Fhaoistín coicís ó shin leis an Athair Antaíne agus Athair Pat i Séipéal Naomh Eoin. Bhí oíche an-speisialta againn ag canadh iomainn le geáitsí, ag paidreoineacht agus ag insint an scéil mar gheall ar an Aoire Maith! Anois beimíd ag smaoineamh ar aghaidh don Chéad Chomaoineach.

Bhí Gerardine istigh linn ag tógáil ár grianghrafanna chun ‘Silhouettes’ a dhéanamh don lá mór.
San ealaín rinneamar uain le holchadáls a sheasamar ar bhord sa séipéal. Rinneamar féileacháin áille le cróithe don lá’le Vailintín chomh maith le picitúir le pasta le déanaí.

Faoi láthair táimid ag plé le leachtanna agus tomhas sa mhata agus san eolaíocht. Is breá linn obair phraiticúl!
Táimid sceitimíneach már gheall ar Pharáid Lá’le Pádraig ar an Aonach! Táimid chun postaeir a ullmhú go luath anois mar tá an Ghaelscoil ag glacadh páirt ann agus táimid brodúil as!
Slán go foill ó Rang 2!!

Rang 3
Buddy Reading:
Bíonn Rang 3 ag déanamh “peer tutoring le Múinteoir Eibhlín gach lá ar feadh leathuair a chloig. Baineann siad an-sult as agus tá an léitheoireacht ag dul i bhfeabhas.
Leabhairín Gaeilge:
Greamaíonn Rang 3 pé rud a thaitníonn leo sa Ghaeilge i rith na seachtaine isteach sa leabhair gearrthógach gach Aoine.

Foinse:
Ceannaíonn duine amháin an nuachtan Foinse gach Céadaoin agus roghnaíonn gach duine ón grúpa an t- alt is fearr leo chun tuairisc a thabhairt don rang.

Comórtas Táblaí:
Tá comórtas táblaí ar siúl i Rang 3 faoi láthair ar an gclár bán idirgníomhach idir na boird ar fad.

Cniotáil:
Tá na páistí ag cniotáil sicín buí don chásic.

Na Lochlannaigh:
Tá gach péire i mbun oibre ar thionsanamh ar na Lochlanaigh
Ealaín le pasta:
Rinne Rang 3 pictiúir don Earrach le pasta!

Dánta le Naí Mhóra:
Gach seachtain téann Rang 3 chuig na Naíonáin chun “Cross-peer tutoring” a dhéanamh. Le déanaí chan siad dán mar gheall ar an Solar System.

Lá’le Vailintín!
Rinne na páistí ciséan agus brioscaí i gcruth an croí dona tuismitheoirí!
Slán go foill ó rang 3!!

Rang 4
Ghlac rang 4 páirt sa tionscnamh ‘The Fit Factor’ an téarma seo agus bhí na páistí lán-tógtha leis. Rinneamar a lán ceachtanna suimiúla bunaithe ar bhia folláin agus an tabhacht a bhaineann le spórt. Ag an ndeireadh chuireamar ár dtionscnamh féin le chéile agus chuiremear isteach ar an gcomórtas a bhí eagraithe leo agus le Lidl. Chuamar dánta/amhráin chun dul leis agus rinneamar a lán ealaíne ar an ábhar fresin!

Rinneamar ‘Smoothies’ sláintiúla lá amháin a bhí go hálainn agus mar cheacht, phléamar na torthaí éagsúla a bhíomar ag úsáid agus an uaitheas don chóip a bhaineann leo!
Faoi láthair táimid ag tosnú tionscnamh eile le rang 5 faoi éisc agus iascaireacht. Tá cuairteoir ag teacht isteach an tseachtain seo chugainn chun taispéantas a thabhairt dúinn

Ar Lá Fhéile Bríde rinneamar croiseanna Bhríde le luachra a thug Gerardine Wisdom isteach dúinn. Bhailigh sí iad go léir ón Loch Deigeirt agus thaispeáin sí dúinn an slí ceart chun iad a dhéanamh! Leanamar na treoracha agus bhí siad go hálainn ag an deireadh.

Táimid ag cleachtadh go dian le haghaidh ár dráma féin ‘Cinderfella’ i mbliana agus beagnach réidh chun é a léiriú ós chomhair gach duine!
Slán go foill ó rang 4!!

Rang 5
RnaG Bí Cúramach!
Tá rang 5 gafa le scrioptanna raidió á scríobh faoi láthair agus tá súil againn é a thaifeadadh ag deireadh an míosa. Le cúnamh Dé, beimíd ábhalta Raidio Rang a 5 a chur ar fáil ar suíomh idir líon na scoile tar éis na Cásca.
Bhí rang 5 an aclaí an téarma seo. Bhain siad triall as réimse ollmhór spóirt; leadóg, leadóg bhoird, gleacaíocht agus cispheil. Bhí bliots cispheile againn sa rang agus bhain gach éinne taitneamh as.

Bhí rang 5 an-ghnóthach le cúpla seachtain anuas ag scriobh a dráma féin le taispeáint roimh na Cásca. Beidh a lán aoíonna speisialta ar an stáiste, ar nós Naomh Phádraig, Louis Walsh, Simon Cowell, srl. Dar le rang 5 tá an drama an-ghreannmhar agus is féidir leat é a fheiseint ar an 18ú Márta sa Halla ar 7.30!

Tá an rang ag glacadh páirt i dtionscmamh faoi Éisc ar a nglaotar ‘Something Fishy’. Beidh aoi-chainteoir ag teacht ón mBórd Iascaireachta chun taispéantas beag a thabhairt do rang 4 agus 5. Táimid ag súil go mór le seo.

An tseachtain seo chaite rinne rang 5 roinnt postaeir áille le chur isteach i gComórtas Póstaeir do ‘Choral Society’ an Aonaigh. Go n-éirí an t-ádh leis na postaeir go léir.
Bhí lá saor ó éadaí scoile ar siúl an téarma seo chun airgead a bhailiú do Haití. Dhéan an scoile sár-iarracht agus bailíodh an- chuid airgid ar son muintir Haití.

Rang 6
Bhí rang 6 an-ghnóthach leis an ealaín le mí anuas. Bhaineamar an-sult as a bheidh ag obair le cailceanna chun sean-thraein a tharraingt (le feiscint ar an suíomh-ghréasán)- bhí ár lámha féin ildaite ina dhiaidh ach ba chuma linn. Thugamar féin Mona Lisa agus ealaín de chuid Monet, Renoir agus Paul Herry a phéinteáil ina dhiaidh sin.
D’Ffhoghlaimíomar cuid mhaith faoin Astráil idir stair agus tíreolaíocht a chríochnaíomar an tioncenamh leis an scannán ‘The Rabbit Proof Fence’ a chabhraigh linn na bundúchasaigh Aboriginal agus an drochíde a tugadh dóibh a thuiscint.

Táimid ag druidim le deireadh an úrscéil ‘Fudach’ agus bímid i gcónaí ag tnúth leis an gcéad chaibidil eile. Tá Conchita fós ar iarraidh agus tá fhios againn go bhfuil cúpla fuadaitheoir ag obair sa scoil. N’fheadar an dtiocfaidh Conchite ar ais slán!

Táimid ag cur isteach ar chomórtas na seanfhocal freisin agus tá réimse leathan acu léirithe ar phostaeir.

Bhí an-chraic go deo againn ag déanamh an ceacht drámaíochta bunaithe ar an gclár teilifíse ‘This is Your Life’. Tá aisteoirí íontacha sa rang a thum iad féin go h-iomlán sa charachtar nua ar feadh tréimhse shamhlaíoch.

Cuirimíd fáilte ó chroí roimh Mháiréad Ní Shúilleabháin an Múinteoir atá i mbun ranga le cúpla lá anuas. Tá ag éirí go geal linn.
Slán go foill ó Rang 6!!


 

 

 

 

© 2011 Gaelscoil Aonach Urmhumhan