| Nuacht
Litir 1 - Mean Fómhair 2009
Nuacht Litir 2 - Deireadh Fomhair 2009
Nuacht Litir 3 - Samhain 2009
Nuacht Litir 4 - Nollaig 2009
Nuacht an Chéad Téarma
2009
Nuacht Litir 5 - Eanair 2010
Nuacht Litir 6 - Feabhra 2010
Nuacht Litir 7 - Márta 2010
Nuacht an Dara Téarma
2010
Nuacht ó Sheachtain na Gaeilge
|
Nuacht
ó Sheachtain na Gaeilge
Féile an Aonaigh
D’éirigh go hiontach leis an rannphartaíocht i bhFéile
an Aonaigh agsu bhí an-chuid buaiteoirí againn tríd
an scoil idir na comórtais éagsúla, an Slua-Amhránaíocht,
an Comórtas na hÓráide, agus an Comórtas
Ealaíne. B’iontach an t-atmasféar timpeall na scoile.
Maidin Chaifé
D’eagraigh Coiste na dTuismitheoirí é seo chun aitheantas
a thabhairt do Sheachtain na Gaeilge agus déanadh lóinseáil
ar an suirbhé atá curtha le chéile acu agus atá
imithe amach anois do na tuismitheoirí chun a tuairimí
a fháil ar imeachtaí an Choiste do na blianta amach anseo!
Paráid Lá ‘le Pádraig
Bhí áthas ar mhiontir na Gaelscoile páirt a ghlacadh
sa pharáid don chéad uair riamh! Leis an mBanna Ceoil
ag seinm agus rinceoirí leo, bhí an-iochur ag na páistí,
Coiste na dTuismitheoirí agus na Múinteoirí ann.
Spraoicheist na Scoile
Bhí an-lá againn sa Ghaelscoil chun deireadh a chur le
Seachtain na Gaeilge. Le Spraoicheist bliantúil bhí an
Halla lán go béal leis na páistí ar fad
ó Rang 3 – 6. Le réimse ceisteanna iontach curtha
le chéile ag Máirín, bhain na páistí
taitneamh agus tairbhe as an ocáid!
'Buaiteoirí Spraoicheiste Seachtain
na Gaeilge le Múinteoir Máirín a d'eagraigh í!'
|
|