20 Bliain ag Fás

Toraiocht Taisce

Ceol

Banna Cheoil na Scoile

Parachute

Óráidí

Oíche Shamhna

Lá Fhéile Pádraig 2010

Seachtain na Gaeilge

Cuairt Seamus Callinan

Cuairt Order of Malta

Cuairt ar Bhóthar


20 bliain ag fás 20.09.2009

Ar an 20 lá de Mhean Fómhair bhí céiliúradh mór againn sa scoil. Tháinig slua mór le ceile trathnóna De Domhnaigh chun lá clainne a bhí lán de spórt agus craic a bhaint amach agus muid ag céiliúradh 20 bliain ar an bhfód do Ghaelscoil Aonach Urmhumhan. Bhí réimse mór d'imeachtaí ar siúl i righ an lae agus cuid acu le feiceáil ar na leathanaigh anseo.

Gaelscoil Aonach Urmhumhan 1989 – 2009

Ar scoil, Ar nGaelscoil
Féachaigí timpleall!
Tá gach a bhfuil anseo
Bunaithe ar dhaoine.

Tá fuinneamh na mbunaitheoir’
Sa chloch choirnéil,
Fuinneamh na leanaí
Amuigh le camáin,

Fuinneamh múinteoirí
Ar na fallaí atá gleoite
Le hobair na ndaltaí
A sureagadh uatha.

An cuimhín leat an lá…
Nuair ‘ d’imigh Peadar is Máire
Cyril is Pádraic
Amach ar an mbaile

Ag cuartú éinne
A thiocfadh leo
Ar Aonach na staire
Aonach Urmhumhan.

An cuimhin leat seo
An cuimhin leat siúd
Nuair a d’oscail Seán Óg
An Halla Nua.

An cuimhin leat an chéad rang
Fiche bliain ó shin
Faoin a máistir Colm
I bPlás Naomh Eoin.

Ó, an cuimhin leat na céad rud –
Nach bhfuil ceann ag gach éinne!
Ag an gcailín sa séú rang
Ag an tuismitheoir cráite!

Ar Scoil, Ar nGaelscoil
Féachaigí timpeall
Tá gach a bhfuil anseo
Bunaithe ar dhaoine.

Mike Mac Domhnaill
MF 2009

 

 

 

 

 

© 2014 Gaelscoil Aonach Urmhumhan