| Rang
2 - An Maith Libh Rock and Roll?

‘Cad atá uait, a Rebecca,
Istigh sa siopa ceoil?’
‘Ba mhaith liom giotár leictreach,
Mar is breá liom rock and roll.’
‘Seo duit do ghiotár leictreach.
Caoga euro, le do thoil.
Anois, bain díot do chóta
Agus seinn dom rock and roll.’
‘Is liomsa an giotár leictreach.
Éistigí le mo cheol.
Canfaidh mé Amhrán daoibh-
An maith libh rock and roll?’
‘Cad atá uait a Rebecca,
Istigh sa siopa ceoil?’
‘Ba mhaith liom giotár leictreach,
Mar is breá liom rock and roll.’
‘Cad atá uait a Rebecca,
Istigh sa siopa ceoil?’
‘Ba mhaith liom giotár leictreach,
Mar is breá liom rock and roll.’
|