| Rang
2 - Nuacht an téarma
Bhí téarma an-ghnóthach againn i rang 2! An príomh-nuacht
a bhí againn ná go ndearnamar ár gCéad Fhaoistín
coicís ó shin leis an Athair Antaíne agus Athair
Pat i Séipéal Naomh Eoin. Bhí oíche an-speisialta
againn ag canadh iomainn le geáitsí, ag paidreoineacht
agus ag insint an scéil mar gheall ar an Aoire Maith! Anois beimíd
ag smaoineamh ar aghaidh don Chéad Chomaoineach.
Bhí Gerardine istigh linn ag tógáil ár
grianghrafanna chun ‘Silhouettes’ a dhéanamh don
lá mór.
San ealaín rinneamar uain le holchadáls a sheasamar ar
bhord sa séipéal. Rinneamar féileacháin
áille le cróithe don lá’le Vailintín
chomh maith le picitúir le pasta le déanaí.
Faoi láthair táimid ag plé le leachtanna agus
tomhas sa mhata agus san eolaíocht. Is breá linn obair
phraiticúl!
Táimid sceitimíneach már gheall ar Pharáid
Lá’le Pádraig ar an Aonach! Táimid chun postaeir
a ullmhú go luath anois mar tá an Ghaelscoil ag glacadh
páirt ann agus táimid brodúil as!
Slán go foill ó Rang 2!!
Seachtain Eolaíochta;
Rinneamar staidéar ar aer. Leis na trialacha fuaireamar amach
go dtógann sé suas spás. Chomh maith le sin, fuaireamar
amach cé chomh láidir is atá aer. Bhí an-
spraoi againn.
Saol an Gharda;
Tháinig Daidí Daragh Ó Tincléir ar chuairt
go dtí Rang 2. Thaispeáin sé a éadaí
dúinn agus bhí cead againn a shaicéad a chur orainn.
Chomh maith le sin, thaispeáin sé na lúibíní
cufa, an gunna luas agus a bhata dúinn. Chonaiceamar an príosún
atá ar chúl veain an gharda. Ní raibh sé
pioc deas. Bhaineamar go léir taitneamh as an gcuairt! Go raibh
maith agat a, Sheáin.
Cócaireacht:
San fhómhair bhaineamar ár bprátaí a chuireamar
san Earrach. Rinneamar cácaí prátaí. Bhí
siad an-bhlasta. Inné rinneamar milseáin seacláide
agus chuireamar iad i gciseáin a pheinteálamar sa rang
ealaíne. Thugamar iad d’ár dtuismitheoirí
chun buíochas a ghabháil leo as ucht gach rud a dhéanann
siad dúinn.
|